|
Nuair a bhíonn tú thar lear, b’fhéidir gur gá duit cáipéisí Éireannacha a úsáid, mar shampla, teastas breithe, cibé acu ar chúiseanna pearsanta nó gnó. Féadtar iarraidh ort iad a fhíordheimhniú ag an Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála. Is éard atá i gceist le cáipéis a fhíordheimhniú ná a fhíorú go bhfuil síniú, séala nó stampa ar cháipéis fíor. Saghas eile d’fhíordheimhniú is ea stampa apastaile ar deimhniúchán idirnáisiúnta é. Déanann sé cáipéis a fhíordheimhniú nó a dheimhniú go dlíthiúil agus féadfaidh tíortha a d’aontaigh ar Choinbhinsiún na Háige é a iarraidh. Is féidir leat teacht ar thuilleadh faisnéise faoi cháipéisí a fhíordheimhniú ar dfa.ie.
|