|
Ní mór freisin fianaise a chur ar fáil maidir le húinéireacht an tí chomh maith le fianaise gur íocadh an Cáin Mhaoine Áitiúil (CMÁ) air. Tá maoin chónaithe a ceannaíodh, a tógadh nó a oiriúnaíodh go ndéanfaí áit oiriúnach chónaithe den mhaoin do dhuine atá ar éagumas buan agus iomlán mar a n-áit chónaithe aonair nó a bpríomháit chónaithe díolmhaithe ón CMÁ. I gcás oiriúnuithe a dhéanamh ar mhaoin, ní bheidh an díolúine i gceist ach amháin nuair a sháraíonn costas na n-oiriúnuithe 25% de luach margaidh na maoine sula ndéantar í a oiriúnú. Léigh tuilleadh inár ndoiciméad, Díolúintí ón gCáin Mhaoine Áitiúil agus sna treoracha na gCoimisinéirí Ioncaim (pdf).
|