|
Forbraíodh ábhair fógraíochta agus bileog ÍMAT Aon tráth, aon lá mar aon le físeán ar líne ag taispeáint an chaoi chun faoiseamh cánach a éileamh ar chostais míochaine. Chuir ár bhfoireann ROS ábhair i láthair ag comhdhálacha náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla de chuid ceardchumann agus gníomhairí párolla. Chuireadar ábhair i láthair freisin ag comhdhálacha FÁS, ag Coistí Gairmoideachais, ag Laethanta Fiontair agus ag imeachtaí na Seirbhíse Buiséadta agus Chomhairle Airgid (MABS). Táirgeadh póstaeir, bileoga agus ábhar ón ngréasán le tacú leis an obair seo agus scaipeadh iad ar lialanna dochtúirí, chógaslanna, údaráis áitiúla agus ar eagraíochtaí bainteacha ionadaíochta. Cuireadh feachtas fógraíochta náisiúnta ar siúl sna meáin go léir go déanach i Mí Feabhra agus go luath i Mí an Mhárta le tacú le scaipeadh bileoige ÍMAT Aon tráth, aon lá chun na cáiníocóirí a spreagadh chun a gcreidmheasanna cánach a éileamh ar líne.
|