|
|
The price for a product tells you how much you pay for an item. The unit price, however, tells you the price of a Kg, litre, metre, square metre or cubic metre. Unit pricing helps you compare costs of different brands and various sizes without doing complicated calculations.
|
|
|
Is uirlis úsáideach í an phraghsáil aonaid chun comparáid a dhéanamh idir praghsanna. Is fíor-úsáideach í nuair a bhítear ag cur praghsanna bia agus grósaeireachta i gcomparáid le chéile agus na táirgí ag teacht i bpacáistí de shaghsanna éagsúla. Insíonn an praghas ar tháirge duit faoin méid a íocann tú ar mhír. Is é praghas an chileagraim, an líotair, an mhéadair, an mhéadair chearnaithe nó an mhéadair chiúbaigh, ámh, a insítear duit leis an bpraghas aonaid. Cuidíonn an phraghsáil aonaid leat costais na mbrandaí agus na saghsanna éagsúla a chur i gcomparáid a chéile gan áireamh casta a dhéanamh. Leagann Rialúcháin na gComhphobal Eorpach (Riachtanais chun Praghsanna Táirgí a Tháscadh) 2002 I.R. Uimh. 639 de 2002 síos nach mór praghsanna aonaid a thaispeáint ar nó gar don mhír féin. Bíonn eisceachtaí ann do thrádálaithe nach bhfuil an trealamh acu do phriontáil na lipéad do chiumhais na seilfeanna nó do scanadh ag an láthair díolta. Ní fheidhmíonn na Rialúcháin ach amháin do tháirgí a dhíoltar leis an tomhaltóir faoi leith.
|